Tuesday, October 31, 2006

Breithlá Shona TG4- Nios mó polataiocht anois le'd thoil


Inniu deichiú breithlá TG4. Tá altanna an-shuimiúil ag Michael D. agus Colum Kenny ar an stáisiún san Examiner ar maidin, (nach bhfuil ar fáil ar-line áfach). In alt Kenny cáineann sé an easpa cláracha polataiochta ar an stáisiún le cúpla bliana. Gan dabht nil clár cosúil le Cúrsai a thug clúdaiocht chuimsitheach do chúrsai polataiocht agus cúrsai reatha. Seachas an Nuacht, ni féidir liom teacht ar aon chlár reatha ar an stáisiún anois. Is cuimhin liom féin páirt a ghlacadh i gclár iontach toghchánaiochta ónt tSionann roimh na toghcháin áitiúla i 1999, agus tréaslaim leo ar na pobalbreitheanna atá ar siúl sna dáilceanntracha Gaeltachta faoi láthair, ach b'fhearr liom go leathnófar an chlúdaiocht seo. Tá sé aisteach go bhfuil clár ar leith ag TV3, gan ceann ag stáisiún poibli. Cad é do mheas? Táim ag blogáil ar an ábhar chomh maith ar politics.ie
anseo. Nochtaigh do thuairimi ansin chomh maith.
P.S. Mile comhgáirdeachas do TG4 ar a bhreithlá iontach! Is mó na daoine a dúirt gur craiceáilte a raibh Michael D. ag an am. Mar Chomhairleoir an Lucht Oibre táim an-bhródúil as ár bpáirti is iarr-aire gur eisean a dhein an bheart don dteanga!

No comments: