Wednesday, February 28, 2007

Laethanta Draoichta i bPáirc an Chrócaigh



Is fada óna rabhas ag blogáil anseo i nGaoluinn, ach le Seachtain na Gaeilge agus sin uile ag druidim linn, tá sé in am dom. An chúis go bhfuilim ag scriobh an tseachtain seo ná an dá lá iontacha a chaitheas i gcomhlúadar cháirde agus clann i bPáirc an Chrócaigh le déanai. Bhios mar cheann de bhaill Chumann Lúthcleas Gael a chuir i gcoinne an dá riail seafóideacha a bhi inár dTreoir Oifigiúil (Leabhar rialacha an chumainn). Thosaios an troid i gCiarrai mar bhall de chlub an Choireáin, i gcoinne Riail 21 a chuir cosc ar bhaill na bpóilini sa tuaisceart nó sa Bhreatain a bheith mar bhaill an chumainn.



Is ait gur riailigh Seán Kelly, Cathaoirleach Bhord Chiarrai CLG ár rún as ord. Chun a bheith féareáilte leis, gan Kelly, mar Uachtarán CLG go dti anuraidh, gach seans nach mbeinn i bPáirc an Chrócaigh in aon chor le cúpla seachtaine anuas ag tacú le foireann rugbai na hÉireann gan é.




Cé go raibh an chluiche i gcoinne na Fraince an-stairiúil, is úafásach an toradh a bhi air, agus thóg an dá nóimead deireanach sin ó dhraiocht an lae. Cá fios anois conas a n-eireódh linn le Stringer agus an Drisceoladh!! Ar aon nós nach mbeadh sé deas dioltas a fháil i Stade de France i gcraobh an domhain!










No comments: